About
Cuireann Na Gaeil Óga CLG (Acadamh) oiliúint agus foirne CLG lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta i Leamhcán, Lucan. Tá foirne faoi aois lonnaithe sa gceantar agus bíonn fáilte roimh pháistí Gaelscoile nó páistí a labhraíonn Gaeilge sa bhaile. Le béim ar spraoi, ar fhorbairt iomlán an pháiste agus ar rannpháirtíocht, forbraíonn imreoirí scileanna spóirt agus meabharscileanna trí iomáint, camógaíocht agus peil na bhfear agus na mban.



